Scaipeadh na páistí uilig idir aintíní agus uncail. Ansin tugadh triúr acu go hAlbain leis an athair i ndiaidh bliain amháin ag na prátaí. Fágadh an fear ab óige agus na girseacha sa bhaile. Thaistil siad ó Dhoire go Béal Feirste go Stranraer. Bhí siad le scaifte fear, ban agus páistí – idir ceathracha agus caoga duine. Cuireadh isteach i sciobóil iad, rinne siad leapacha cocháin agus bhí áit amuigh le cócaireacht. D’oibrigh siad leis na prátaí. Cur síos ar obair na bprátaí, ag obair go luath ar maidin mar gheall gur imigh na prátaí go Glaschú ar maidin ar leoraithe. Na huaireanta oibre. Ag dul ó fheirm go feirm in Ayrshire, Dumbartonshire, Lothian, Edinburgh agus Perth. Rinne sé dhá bhliain agus rinne a dheartháireacha tréimhse ní b’fhaide. | 00:04:44 | |